Tá Goodmar Construction Ltd. bunaithe ar an gCeathrú Rua, Conamara, Co. na Gaillimhe le deich mbliana anuas. Is gnólacht teaghlaigh é agus tá éirithe go maith leis an gcuideachta mar gheall go gcuirtear seirbhís éifeachtúil iontaofa ar fáil.
Tá na hacmhainní agus an saineolas againne maidir le:
- Pleanáil
- Tochailt agus ullmhú Suímh
- Sábháilteacht suímh
- Bunsraith & Fostruchtúr
- Siúinéireacht don chéad/dara feistiú
- Sreangú agus pluiméireacht
- Pláistéireacht
cibé más coimpléasc siopadóireachta nua-aimseartha nó teach saintógtha atá uait.
Leis an infheistíocht atá déanta againn in innealra agus in oiliúint a chur ar an bhfoireann go leanúnach, táimid ábalta obair a chur i gcrích in am agus laistigh den bhuiséad - ó bhonn go barr.
Bímid ag obair ag na caighdeáin is airde, ó luachan mionsonraithe go hobair a chur i gcrích, agus coinnítear an cliant ar an eolas ag gach céim den tionscadal.
Agus seantaithí againn ar cheird na tógála, ní úsáidimid ach na hábhair is fearr agus foireann oibre dea-oillte le taithí.
FÓN: 091-595572 | FAICS: 091-595572 | RÍOMHPHOST: info@goodmarconstruction.ie
|